| Reset | A - | A + |
media6.jpg
you are here:
Tionscadail Phíolótacha | Print |

Tá an scéim do Thionscadail Phíolótacha leagtha amach chun a chinntiú go mbeidh an clár 7-bliana MEDIA 2007 in ann déileáil leis na hathruithe móra teicneolaíochta. Táthar ag súil sna blianta beaga seo romhainn go gcinnteoidh an teicneolaíocht digiteach go mbeidh fáil níos éasca ar obair chlosamhairc na hEorpa mar go mbeidh modhanna nua ann chun ábhair chlosamhairc a iompar, rud a chinnteoidh go mbeidh fáil níos forleithne orthu taobh amuigh de thír a ndéanta. Is iad na réimsí atá i gceist le haghaidh tacaíocht faoin scéim seo i 2010 ná:

  • Dáiliúchán: Bealaí nua chun ábhar closamhairc Eorpach a dháileadh
  • Dáiliúchán: Úsáid an Suíomh Idirlíon chun Pobail Scannán áitiúla a chruthú 
  • Timpeallacht Léiriúcháin Oscailte
  • "Junction Media Portal": Bealaí chun an t-eolas in ábhar closamhairc Eorpach a chur ar fáil.
  • Tógraí a fuair tacaíocht cheana:  Thig le tógraí a fuair tacaíocht faoin scéim seo cheana tuilleadh tacaíochta a lorg.
Ní mór do na tógraí gné Eorpach a bheith acu bunaithe ar an ábhar agus an lucht féachana ar a bhfuil siad dírithe.  Caithfidh ar a laghad ceithre thír Eorpach agus trí theanga oifigiúl ón Aontas Eorpach a bheith i gceist.

FÓGRA IARRATAIS EACEA 4/2010:         Spriocdháta: 14 Meitheamh 2010.

Cliceáil anseo chun na icon Treoirlínte do Thionscadail Phíolótacha agus an icon Fhoirm Iarratais do Thionscadail Phíolótacha  a íoslódáil

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais faoi na tógraí a fuair tacaíocht faoin scéim seo cheana