
| Forbairt | | Print | |
|
Cuireann an Clár MEDIA 2007 tacaíocht airgid ar fáil do chomhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha Eorpacha chun forbairt a dhéanamh ar thionscadail nua léiriúcháin sna réimsí seo a leanas: Ficsean, Cláracha Cruthaitheacha Faisnéise, Anamúlacht agus Tógraí Idirghníomhacha. Is féidir tacaíocht airgid a lorg do chnuasach thógraí (trí mheicníocht "Slate Funding") nó do thionscadal amháin san am. I bprionsabail, ní rachaidh an tacaíocht sin os cionn 50% den bhuiséad forbartha (ar a n-áirítear scríbhneoireacht, lorg páirtithe, ullmhú pleananna airgeadais, margaíochta agus dáiliúcháin). Tionscadail AonairIs féidir le comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha Eorpacha tacaíocht a lorg do thionscadail aonair (ficsean, Cláracha /scannáin faisnéise, tógraí anamúlachta) faoin scéim seo. I bprionsabail, ní rachaidh an tacaíocht sin os cionn 50% den bhuiséad forbartha ...níos mó » Slate FundingIs féidir le comhlachtaí léiriúcháin Eorpacha a bhfuil taithí acu sa margadh idirnáisiúnta tacaíocht a lorg do phlean straitéiseach chun cnuasach thograí a fhorbairt ...níos mó » Slate Funding 2ú ChéimIs féidir le comhlachtaí léiriúcháin a bhfuil conradh Slate acu cheana iarratas a dhéanamh ar Slate Funding 2ú Chéim má tá forbairt suntasach le sonrú maidir leis na tograí sa gcéad Slate ...níos mó » Forbairt Thógraí IdirghníomhachaTá MEDIA 2007 tar éis scéim tacaíochta faoi leith a chur ar fáil do chomlachtaí léiriúcháin Eorpacha a mian leo forbairt a dhéanamh ar thionscadail idirghníomhacha ...níos mó » |