
Nuacht | Nuacht | | Print | |
CLÁR NUA MEDIA MUNDUS AONTAITHETá clár nua MEDIA MUNDUS aontaithe ag an Aontas Eorpach
chun comhoibriú idir Tionscal Scannánaíochta na hEorpa agus an tionscal
Scannánaíochta sna tíortha lasmuigh den AE a neartú. Cuirfidh an
t-Aontas Eorpach €15
mhilliúin ar fáil don gclár ó 2011-2013. CINNEADH MEDIA MUNDUSEOLAIRE DRAMAÍOCHTAIs minic a bhíonn léiritheoirí
i dteangbháil leis an Deasc agus Antenna MEDIA roimh na spriocdhátaí don scéim tacaíochta MEDIA do
Chraoladh Teilifíse ag lorg sonraí teagmhála d’Eagarthóirí Coimisiúnaithe Eorpacha. Tá sé éasca treoir a thabhairt do
léiritheoirí chláracha fáisnéise toisc go bhfoilsíonn EDN Eolaire íontach leis
na sonraithe seo. Tá
margaí faoi leith ag an dtionscal beochana agus is áis íontach í an eagraíocht
CARTOON. Níl an rud céanna fíor maidir le cláracha drámaíochta áfach. Mar sin d'fhoilsigh MEDIA Deasc na h-Éireann agus MEDIA Antenna na Gaillimhe Eolaire Drámaíochta maidir leis na Craoltóirí sna tíortha Ceilteacha ar ócáid Féile na Meán Ceilteach 2010. Is céadiarracht é an t-eolaire seo na sonraí seo a chur ar fáil don dtionscal. Tá sé i gceist againn tíortha eile a chur leis an Eolaire amach anseo i gcomhar leis na Deascanna agus Antenna MEDIA san Eoraip. Cliceáil anseo chun an |
Eolaire Drámaíochta